Inrochtaineacht

Clúdaíonn an ráiteas inrochtaineachta seo an dá shuíomh idirlín Citizen Space Rialtas TÉ.

  • https://consultations.nidirect.gov.uk
  • https://consultations2.nidirect.gov.uk

Tá na suíomhanna idirlín seo á mbainistiú ag an Roinn Airgeadais taobh istigh de Státseirbhís Thuaisceart Éireann. Is mian linn go mbíonn an oiread daoine agus is féidir ábalta úsáid a bhaint as na suíomhanna idirlín seo.

Tá an bogearra deartha ag an tsoláthraí s’againn, Delib, agus tá sé á bhainistiú aige. Tá Delib freagrach as cuma agus mothú foriomlán na leathanach atá ar ár suíomhanna idirlín. Tá tromlach an ábhair ar an tsuíomh curtha ansin ag úsáideoirí de chuid Rialtas TÉ.

Inrochtaineacht an tsuímh seo

Ní riarann Delib ar an ábhar a chuirtear le ceachtar de na suíomhanna idirlín, ach déanann Delib an bogearra a fhorbairt agus déanann siad tástáil air.

  • An súmáil isteach suas le 200% gan an téacs ag dul as an scáileán.
  • Na suíomhanna idirlín a nascleanúint fríd fheidhm a bhaint as an mhéarchlár amháin.
  • Na suíomhanna idirlín a nascleanúint fríd fheidhm a bhaint as bogearra aitheanta cainte
  • Éisteacht leis an dá shuíomh idirlín ach léiteoir scáileáin a úsáid.

Is féidir ábhar a chuirtear ar an tsuíomh, agus nach bhfuil go hiomlán inrochtana, a liostú ar an leathanach seo mar neamh-chomhréireacht, nó is féidir mionsonraí a thabhairt mar aon leis an ábhar nach bhfuil inrochtana.

Tá Delib tiomanta don bhonneagar a bheith inrochtana.

Déanann Delib an bogearra a thástáil in aghaidh an chaighdeáin “AA” a leagtar amach in Web Content Accessibility Guidelines v2.2. Tá feabhsúcháin ar an bhogearra á gcur amach go rialta. Maidir le hathruithe ar bith ar an bhogearra a dhéantar mar chuid den phróiseas sin, déantar iad a thástáil go hinmheánach sula gcuirtear an bogearra amach, ar mhaithe le comhlíontacht le “Leibhéal AA” de na Web Content Accessibility Guidelines V2.2.

Aiseolas agus sonraí teagmhála

Má bhíonn faisnéis fán tsuíomh idirlín de dhíth ort i bhformáid, mar shampla PDF inrochtana, cló mór, soléite, taifead fuaime nó braille:

Amharcfaidh muid ar an iarratas s’agat agus rachaidh muid ar ais i dteagmháil leat taobh istigh de 3 lá oibre.

An dóigh le fadhbanna inrochtaineachta ar an tsuíomh seo a thuairisciú

Bíonn muid i gcónaí ag iarraidh feabhas a chur ar inrochtaineacht an tsuímh seo. Má thig tú ar fhadhb ar bith nach bhfuil luaite ar an leathanach seo, nó má tá tú den bharúil nach bhfuil muid ag comhlíonadh na gceanglas ó thaobh inrochtaineachta de, iarrtar ort teagmháil a dhéanamh linn.

Le tuilleadh eolais a fháil maidir le Citizen Space nó comhairliúchán nó suirbhé ar bith, iarrtar ort teagmháil a dhéanamh le Foireann Citizen Space Rialtas TÉ fríd ríomhphost a chur chuig citizenspace@finance-ni.gov.uk nó fríd an ghuthán ar 028 90254844.

An nós imeachta forfheidhmithe

Más amhlaidh go bhfuil gearán déanta agat fá inrochtaineacht an tsuímh seo agus nach bhfuil tú sásta fán fhreagra a fuair tú, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Coimisiún Comhionannais Thuaisceart Éireann atá freagrach as an fhorfheidhmiú i dtaca le The Public Sector Bodies (Websites and Mobile Applications) (No. 2) Accessibility Regulations 2018 i dTuaisceart Éireann.

Eolas teicniúil fá inrochtaineacht an tsuímh seo

Tá an Roinn Airgeadais agus Delib tiomanta don tsuíomh idirlín seo a bheith inrochtana, i gcomhréir le The Public Sector Bodies (Websites and Mobile Applications) (No. 2) Accessibility Regulations 2018.

An stádas comhlíontachta

Cé go bhfuil muid ag oibriú i dtreo comhlíontachta iomlán le caighdeán AA de naWeb Content Accessibility Guidelines (WCAG) 2.2 (w3.org), tá roinnt neamh-chomhlíontachtaí ann fá láthair.

Ábhar neamh-inrochtana

Tá neamh-inrochtaineacht i gceist leis an ábhar liostaithe thíos ar na cúiseanna seo a leanas.

Neamh-chomhlíontacht maidir leis an reachtaíocht inrochtaineachta

Faisnéis agus Caidrimh

Maidir leis an PDF a thugtar do fhreagróir i ndiaidh dó an ghníomhaíocht a chríochnú, ní leanann sé na teicnící a leagtar amach in WCAG (níl clibeanna teidil ann ná teideal ar an doiciméid).

Méid an Téacs a Athrú

Nuair a dhéantar súmáil ar leathanach mapála Geospatial de chuid Citizen Space, is féidir roinnt den ábhar ar an mhapa a bheith folaithe taobh thiar den cheist mapála sa ghníomhaíocht.

Inchoigheartaitheacht Ama

I ndiaidh gníomhaíocht a chur i gcrích, tugtar nasc duit le do fhreagra a íoslódáil mar PDF. Téann an nasc as feidhm taobh istigh de 3 bhomaite, agus d’fhéadfadh sé nach leor an méid ama sin do chuid de na húsáideoirí Ní féidir an teorainn ama seo a shíniú amach ná a mhúchadh.

Má aimsíonn tú fabht nár aimsigh muid féin go fóill, iarrtar ort a ghabháil i dteagmháil linn fríd cheann de na bealaí a luaitear sa ráiteas inrochtaineachta sa rannóg ‘An dóigh le fadhbanna inrochtaineachta ar an tsuíomh seo a thuairisciú’.

An t-ualach díréireach

Ag an phointe seo, ní dhearna muid éileamh ar bith maidir le hualach díréireach.

Ábhar nach bhfuil taobh istigh de raon feidhme na rialachán inrochtaineachta

PDFanna agus doiciméid eile

Ní inrochtana iad roinnt de na PDFanna a uaslódálann úsáideoirí ar an tsuíomh ar mhaithe le heolas tacaíochta. Nuair is indéanta le réasún, molann muid (an Roinn Airgeadas) go mór d’úsáideoirí na PDFanna a dhéanamh inrochtana más féidir leo, agus chomh maith leis sin, molann muid dóibh an fhaisnéis i bhformáidí inrochtana eile a uaslódáil fosta.

Ábhar 3ú pháirtí

D’fhéadfadh ábhar tríú páirtí nó naisc atá uaslódáilte - nach bhfuil smacht againn orthu - a bheith i measc na ngníomhaíochtaí a óstáiltear ar an tsuíomh. Ní chuireann na rialacháin inrochtaineachta an ceanglas orainn ábhar den chineál seo a bhainistiú, ach má bhíonn fadhb agat le hábhar ar bith a óstáiltear ar ár suíomhanna idirlín, iarrtar ort teagmháil a dhéanamh linn fríd na sonraí teagmhála thuasluaite, agus déanfaidh muid iarracht cuidiú.

Mapaí ar líne

Is féidir go mbeadh sé mar chuid den tseirbhís s’againn mapaí ar líne a uaslódáil, nó tagairt a dhéanamh orthu, ar mhaithe le faisnéis thíreolaíoch ar leith a léiriú. Níl siad seo chun críocha nascleanúna, agus tá siad díolmhaithe faoi na rialacháin. Má bhíonn an fhaisnéis a léirítear ar mhapa ar líne de dhíth ort i bhformáid eile, iarrtar ort teagmháil a dhéanamh linn ar mhaithe le coigeartuithe réasúnta a phlé.

Ag an phointe seo, níl ábhar ar bith eile aimsithe againn nach bhfuil faoi raon feidhme na rialachán inrochtaineachta.